Scéim baint na móna. Chaith sí tamall i dtigh Francie Molloy agus ansin chaith sí tamall ag siúl thart le teileagraim fríd an bhaile.I rith am an chogaidh, bhí sí ag obair ar scéim na móna, ag déanamh bealach fríd an phortaigh. Bhí cúpla duine den teaghlach ag obair air, ní raibh pá maith ann. Dhéanadh siad tae agus greim le hithe ar an phortach. Bhí siúl fada ar madin acu. Ag obair ó i ndiaidh an hocht ar maidin go dtí an sé tráthnóna, i ndiaidh a theacht na bhaile tráthnóna, bhíodh a gcuid oibre féin le déanamh acu. Bhí an obair crua ach ní dhearna sé dochar ar bith daofa. Ag déanamh an bhealaigh fríd an phortaigh le aiteann agus gairbhéal bán ina mhullach. Bhíodh siad ag tabhairt an mhóin suas go dtí an stáisiún le beithíoch agus carr agus ó sin go Baile Suingean (St. Johnson). | 00:06:28 | |